Dr Radvan Markus
An Dr Pádraig Ó Liatháin & An Dr Radvan Markus

Cuairteoir ó Ollscoil Shéarlais, Prág,

Ar an 4 Feabhra, 2020, thug an Dr Radvan Markus, as Ollscoil Shéarlais, Prág, caint iontach dar teideal 'An Ghaeilge agus Tóraíocht na Saoirse: an tsaoirse phearsanta agus an éágsúlacht teanga i litríocht na Gaeilge' mar chuid de Sheimineáir Thaighde na Scoile. Tá ceangal láidir acadúil agus teagaisc a théann i bhfad siar idir Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU agus Ollscoil Shéarlais, Prág. Mar chuid de chlár Erasmus, tugtar tacaíocht don dá institiúid baill forine a mhalartú leis an gceangal tábhachtach seo a láidriú.