Taithí Oibre Mic Léinn

Bíonn deis ag gach mac léinn a fhreastalaíonn ar bhunchéimeanna Fiontar tabhairt faoi thréimhse taithí oibre. In DCU glaoitear INTRA  ar an tréimhse seo. An rud is brí le INTRA ná “Integrated Training”. Tugann INTRA deis don mhac léinn an taithí atá bailithe aige/aici sna cúrsaí a chleachtadh sa láthair oibre. Ceann de na buntáistí is mó atá ag an taithí oibre seo ná gur féidir leis an mac léinn é/í féin a chruthú mar fhostaí poitéinsiúil. De réir an taighde atá déanta ag an oifig INTRA in DCU, faigheann an-chuid mac léinn a dhéanann INTRA tairiscint oibre ón bhfostóir.

Faoi láthair tá mic léinn sa dara bliain ar an gcúrsa BA Gnó agus Gaeilge agus sa tríú bliain ar an gcúrsa BA Gaeilge agus Iriseoireacht á n-ullmhú féin chun dul amach ar thaithí oibre. An bhliain seo caite d’oibrigh mic léinn Fiontar leis na comhlachtaí agus na heagrais seo a leanas:

TG4 

Unilever 

Dunnes Stores 

Raidió na Gaeltachta 

FM104

Enterprise Ireland 

Bhí na mic léinn ag obair mar bhaill foirne sna heagraíochtaí ar thograí faoi leith agus d’éirigh leo taithí fhiúntach a ghnóthú i réimsí a raibh spéis faoi leith acu iontu. Chuir Kate Lynam-Jones, mac léinn sa bhliain dheireanach den chéim BA Gnó agus Gaeilge síos ar a taithí INTRA:

'An taithí is fearr de mo shaol. Tugann an intéirneacht léargas ar an saol oibre, deis den scoth atá ann. Osclaíonn sé nasc le go leor daoine a d'fhéadfadh cabhrú leat i ndiaidh do chéime. Is bealach éagsúil é le foghlaim agus an teoiric a chleachtadh go réalaíoch'.

Creideann léachtóirí Fiontar go gcuireann INTRA go mór le féinmhuinín, le haibíocht, agus le scileanna idirphearsanta na mac léinn. Sula dtéann mic léinn Fiontar amach ar INTRA tugtar an-tacaíocht dóibh intéirneacht a fháil. Oibrítear go dlúth leo le CV agus le litir iarratais mhealltach agus ghairmiúil a ullmhú. Chomh maith leis sin tugann na mic léinn faoi bhréag-agallamh agus faigheann siad aiseolas aonarach ar an agallamh seo. Cuidíonn an t-ullmhúchán seo ar fad leo na buanna agus scileanna atá acu féin a chur i láthair go proifisiúnta. Tá sé mar aidhm ag an modúl seo go n-éireoidh leis na mic léinn taithí oibre den scoth a bhaint amach. Nasctha leis sin fosta tá béim faoi leith ar fhéinmhuinín na mac léinn a fhás agus baintear leas as acmhainní éagsúla teagaisc leis an aidhm seo a chur i gcrích.