Sraith Seimineár Taighde 2021-22 Fiontar & Scoil na Gaeilge

Sraith Seimineár Taighde 2021-22

Tá lúcháir orainn Sraith Seimineár Taighde 2021-22 de chuid Fiontar & Scoil na Gaeilge a fhógairt inniu. Sa tsraith idirdhisclipíneach seo, tabharfar léargas spéisiúil ar réimse leathan ábhar. Cuimseofar cúrsaí litríochta, dlí, iriseoireachta agus staire an seimeastar seo. Beidh na cainteanna ar fad á reáchtáil againn ar Zoom agus muid ag súil go mór leo. Bainfear leas as an nasc céanna Zoom gach seachtain.