HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header
Fiontar & Scoil na Gaeilge

Polasaí Gaeilge Fiontar & Scoil na Gaeilge

Ghriangraif Fiontar

  • Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus oibre Fiontar & Scoil na Gaeilge agus is í an teanga sin a úsáidfear i ngach cumarsáid le mic léinn.
  • Déantar an teagasc ar fad in Fiontar & Scoil na Gaeilge trí mheán na Gaeilge.
  • Úsáidtear an Ghaeilge i gcónaí i nótaí ranga, i léaráidí Powerpoint agus in aon chineál ábhair eile a úsáidtear mar acmhainn teagaisc sa seomra ranga nó sa léachtlann.
  • Is i nGaeilge a leagtar amach paipéir scrúdaithe agus measúnachtaí de chineálacha eile (an measúnú leanúnach san áireamh) agus ní mór do mhic léinn a leithéid de cháipéis a fhreagairt i nGaeilge ach amháin sa chás go bhfuil malairt socraithe déanta (e.g. modúil a mhúintear do mhic léinn idirnáisiúnta nó a leithéid).
  • Bítear ag súil go n-úsáidfidh mic léinn ar chláir acadúla na Scoile an Ghaeilge agus iad i ranganna lena chéile i seimineáir, i léachtaí, i ríomhlanna nó aon áit a dtagann siad le chéile.