HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header
Fiontar & Scoil na Gaeilge

Taighde.

Forbhreathnú

Fáilte romhat go leathanach taighde Fiontar. Tá an fhoireann sa Scoil tiomanta do naisc a chruthú idir an Ghaeilge agus sochaí chomhaimseartha na hÉireann, go háirithe trí theicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt a chuireann réimse luachmhar acmhainní ar fáil don phobal, acmhainní ar féidir teacht orthu ag am ar bith in áit ar bith: e.g. logainmneachabeathaisnéisítéarmeolaíochtbéaloideastéarmeolaíocht na Gaeilge le haghaidh an Aontais Eorpaigh agusteicneolaíochtaí teagaisc agus foghlama teangacha ar líne.

 

 

 

Sainspéiseanna agus Saineolas

Trí mheán ár gcuid saineolais agus sainspéiseanna dírímid ar na réimsí seo a leanas:

  1. Taisce luachmhar d’ábhar físe, closamhairc agus scríofa a fhorbairt agus a chaomhnú don todhchaí.
  2. Rochtain ar líne a chur ar fáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar eolas faoi ghnéithe éagsúla d’oidhreacht agus de chultúr na Gaeilge agus na hÉireann.
  3. Na háiseanna sin a chur ar fáil go hoscailte dóibh siúd sa tír seo agus thar lear a bhfuil suim acu i saíocht Ghaeilge na tíre seo.
  4. Nasc a chruthú idir an Ghaeilge agus an taighde trí mheán na Gaeilge sna réimsí seo a leanas:
  • An Gnó agus an Bhainistíocht
  • An tAirgeadas
  • An tOideachas Fiontraíochta agus an Fhiontraíocht Shóisialta
  • Teicneolaíocht na Faisnéise i réimse an teagaisc agus na foghlama teanga
  • An tIompar Eagraíochtúil
  • Forbairt na Gaeltachta
  • Polasaí agus Pleanáil Teanga
  • Gnéithe Éagsúla de Léann na Gaeilge

 

 

Lárionaid agus Grúpaí

Tá clú ar fhoireann Fiontar as an taighde a dhéanann siad trí mheán na Gaeilge ar thograí maoinithe sna daonnachtaí digiteacha. Tograí iad seo ina gcuirtear teicneolaíochtaí faisnéise agus digiteacha i bhfeidhm ar theagasc agus ar thaighde faoi ghnéithe den chultúr daonna.

Le blianta beaga anuas, tá ceannródaíocht á léiriú ag foireann Fiontar agus iad i mbun cuid thábhachtach de thraidisiúin teangeolaíocha agus chultúrtha na Gaeilge a chur ar fáil go fairsing ar ardáin dhigiteacha ar mhaithe le mic léinn, taighdeoirí, lucht gairmiúil agus an pobal i gcoitinne, chomh maith leis an diaspóra Éireannach thar lear.

Tá ár gcuid tograí meithile uile á seachadadh i gcomhar le forais phoiblí in Éirinn agus san Eoraip. I measc na dtograí sin atá faoi stiúir Fiontar nó a bhfuil Fiontar ag comhoibriú le forais eile mar chuid díobh tá:

  • Bunachar Sonraí Logainmneacha na hÉireannlogainm.ie – mar aon le huirlisí mapála de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla den suíomh ar fáil, rud a chuidíonn leo siúd atá ar bheagán Gaeilge – go háirithe más cuid den diaspóra Éireannach iad. Gné nuálach ar leith a bhaineann leis an mbunachar áirithe seo is ea an chartlann fuaime.
  • An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilgeainm.ie – i gcomhar leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht. Tá cuntas ar bhreis agus 1,700 duine ón mbliain 1560 ar aghaidh a raibh baint shuntasach acu leis an nGaeilge. Tá liostú aibítreach ann mar aon le córas cuimsitheach crostagartha, lán-áis chuardaigh le haghaidh eochairfhocal agus frásaí, amlínte, agus gnéithe de bheatha na ndaoine amhail saothar, gradam agus imeachtaí suntasacha ar leith.
  • Cnuasach Bhéaloideas Éireann – traidisúin béil na hÉireann, atá á chur i gcartlann agus á dhigitiú ar an suíomh dúchas.ie le haghaidh an phobail náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá an cnuasach seo ar líne á fhorbairt trí chomhthogra idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an Coláiste Ollscoile, Báile Átha Cliath agus faoi chríoch an tionscadail beidh na nithe seo a leanas ar fáil:
  • 2 mhilliún leathanach
  • 80,000 grianghraf
  • 12,000 uair an chloig d’ábhar fuaime agus ceoil
  • 1,000 uair an chloig d’ábhar físe
  • 500,000 cárta innéacs
  • An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Gaeilgetearma.ie – i gcomhar le Foras na Gaeilge. Liosta de bhreis agus 200,000 téarma i nGaeilge a bhaineann le sainábhair agus le sainréimsí comhaimseartha.
  • Foclóir le haghaidh liosta idirnáisiúnta téarmeolaíochtaIATE nó Interactive Terminology for Europe – i gcomhar leis an Aontas Eorpach. Is é IATE an tseirbhís téarmeolaíochta idirtheangach ar líne le haghaidh an Aontais Eorpaigh a chuireann rochtain éasca ar an téarmaíocht ar fáil in aon ionad amháin. Tá Fiontar freagrach as an ábhar téarmaíochta i nGaeilge a bhainistiú.
  • SpeakApps.eu – Tionscadal taighde atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach atá i gceist le SpeakApps. Is é an aidhm atá leis réimse uirlisí agus tascanna ar líne a fhiosrú, a mheasúnú agus a fhorbairt d’fhonn cuidiú leis an táirgeadh teanga i réimse teangacha Eorpacha (An Béarla, an Ghaeilge, an Chatalóinis, an Ollainnis, an Pholainnis, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Chróitis, an Fhionlainnis agus an tSualainnis). Trí mheán an tionscadail cuirtear rochtain ar fáil ar réimse uirlisí nuálacha, idirghníomhacha ar líne a bhaineann le teagasc agus le foghlaim teanga. Is féidir le daoine an dara nó, fiú, an tríú teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh chun gur féidir leo a gcuid eolais ar an teanga a fheabhsú trí chóras aiseolais ar líne. Tá Fiontar ina chomhbhall de chomhghuaillíocht cúig ollscoil Eorpacha atá i mbun an taighde seo faoi láthair.

 

 

 

Teicneolaíochtaí agus Áiseanna

Agus leas á bhaint acu as teicneolaíochtaí nua, tá foireann Fiontar i mbun traidisiúin luachmhara éagsúla na Gaeilge a chaomhnú chun gur féidir an t-ábhar sin a chur ar fáil do phobal an domhain cibé áit a bhfuil siad, cibé am a roghnaíonn siad é a lorg. De bhrí go bhfuil suas le 100 milliún duine i measc an diaspóra Éireannaigh, tá sé tábhachtach teacht i dtír ar theicneolaíochtaí nua chun cur ar a gcumas siúd eolas a fháil ar an oidhreacht luachmhar seo i gcomhthéacs na staire agus an tsaoil chomhaimseartha.

 

 

 

Deiseanna don Fhiontraíocht

Tá na sé phríomh-aschur a bhaineann lenár gcuid taighde reatha le fáil ar líne sna réimsí seo a leanas: teicneolaíochtaí teagaisc agus foghlama, foclóireacht agus téarmeolaíocht, beathaisnéisí, logainmníocht agus an béaloideas. Má tá sainriachtanas taighde ag an eagraíocht lena mbaineann tú in aon cheann de na réimsí seo a leanas: na ndaonnachtaí digiteacha, an t-airgeadas nó bainistíocht an ghnó, an fhiontraíocht shóisialta, an t-oideachas fiontraíochta, forás agus forbairt na Gaeltachta, teicneolaíochtaí teanga, nó an polasaí agus an phleanáil teanga, agus dá mba mhaith leat dul i gcomhairle le Fiontar faoi aon cheann acu, féach ar phróifílí na léachtóirí lena fháil amach cé hé is fearr a chuirfeas comhairle ort. I measc na mbeartas comhairleoireachta is déanaí a raibh ionchur ag Fiontar iontu tá: An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - 2010-2030, a d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann; an t-athbhreithniú ar pholasaí teanga in Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003), agus an staidéar a rinne Fiontar i gcomhar le comhghleacaithe sa Bhreatain Bheag agus an Fhionlainn ar reachtaíocht teanga sna tíortha sin, staidéar a foilsíodh sa tuarascáil From Act to Action (2014).

Is féidir fiosrúcháin tosaigh a dhéanamh le:

Ailbhe NÍ CHONAIRE,

Oifig na Scoile,

Fiontar

+353 1 700 5614

ailbhe.nichonaire@dcu.ie

 

 

 

 

Mic Léinn Taighde

Fáiltíonn Fiontar roimh iarratais ó chéimithe ar mhian leo taighde a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in aon cheann de na réimsí seo a leanas: an gnó agus an bhainistíocht, an t-oideachas fiontraíochta, an fhiontraíocht shóisialta, an t-airgeadas, Teicneolaíocht na Faisnéise, teicneolaíochtaí teanga, polasaí agus pleanáil teanga, agus gnéithe éagsúla de léann na Gaeilge.

Téann mic léinn i mbun dianstaidéir mar chuid d’iarchéim taighde i ndisciplín a bhfuil bunús maith acadúil acu cheana féin ann. Trí mheán an staidéir iarchéime, foghlaimeoidh mic léinn scileanna riachtanacha taighde mar a bhaineann le tionscadal a phleanáil, a réiteach agus a chur i gcrích, rud a sheasfaidh dóibh ina dhiaidh sin in aon earnáil ghairmiúil ina mbeidh siad.

+ Mic Léinn Reatha PhD

Katie Ní Loingsigh

Tá Katie i mbun nathanna cainte i saothar Gaeilge An Athar Peadar Ua Laoghaire (1839-1920), duine de phríomhúdair phróis an 19ú/20ú haois, a chlárú agus a iniúchadh. Tá bailiúchán 1.8 milliún focal cnuasaithe aici agus tá siad siúd á ndigitiú, á rangú agus á gcrostagairt mar shaináis teanga i dtaca le Gaeilge an fichiú haois luath.

Oisín Ó Doinn

Tá Oisín ag díriú ar ról na nuatheicneolaíochtaí i bhfoghlaim an dara teanga ina chuid taighde siúd. San áireamh sa tionscadal taighde féin, tá samhail le haghaidh Teicneolaíocht na Faisnéise a thabhairt isteach sa seomra ranga agus í a úsáid chun cuidiú le mic léinn a gcuid scileanna teanga a fhorbairt agus a fheabhsú.

+ Conas iarratas ar iarchéim taighde a dhéanamh

Caithfidh iarratasóirí na nithe seo a leanas a ullmhú:

  • Moladh taighde (c. 5,000 focal – treoirlínte thíos)
  • Curriculum vitae iomlán mar aon le torthaí aon dámhachtainí bunchéime agus iarchéime (gach bliain den chlár) a bronnadh ar an iarratasóir, agus aon tionscadal taighde nó tráchtas eile a chuir siad i gcrích
  • Ainm an bhaill den fhoireann acadúil in Fiontar atá sásta tacú leis an iarratas.

Níor cheart iarratas a chur ar aghaidh chuig an Ollscoil mura bhfuil ball foirne sásta tacú leis. Mura bhfuil an tacaíocht chuí agat is ar éigean a ghlacfar leis an iarratas. Roimh iarratas ar bith a dhréachtú, ba chóir a chinntiú go bhfuil ball foirne amháin (ar a laghad) sa Scoil a bhfuil an saineolas aige/aici sa réimse a bhfuil spéis ag an iarratasóir féin ann. Is féidir tuilleadh eolais faoi réimsí sainspéise na foirne acadúla a fháil trí bhreathnú ar na leathanaigh foirne ar shuíomh na Scoile. Déantar iarratais a phróiseáil i rith na tréimhse ó Aibreán go Meán Fómhair, de ghnáth. Is féidir le hiarratasóirí a maoiniú féin a aimsiú nó iarracht a dhéanamh teacht ar mhaoiniú ó fhoinsí eile.

Is féidir fiosrúchán tosaigh faoi staidéar iarchéime a dhéanamh le:

Ailbhe NÍ CHONAIRE,

Oifig na Scoile, Fiontar

+353 1 700 5614

ailbhe.nichonaire@dcu.ie

+ Conas Moladh Taighde a Scríobh

Agus tú i mbun moladh taighde a réiteach, ba cheart duit féachaint ar na treoirlínte a bhaineann le moladh taighde a dhréachtú agus a chinntiú go ndéanann tú na nithe seo a leanas:

  • An bhuncheist taighde agat a leagan amach go soiléir.
  • Do chuid eolais ar an litríocht ábhartha a bhaineann leis an gceist taighde a léiriú. Ba chóir duit bheith ar an eolas faoi thaighde atá á fhoilsiú sa réimse sin sna hirisí acadúla cuí.
  • An bhuncheist taighde a lonnú sa litríocht taighde chuí.
  • An chaoi a gcuirfidh do chuid taighde leis an eolas a bhaineann leis an réimse sin cheana féin a leagan amach.
  • An mhodheolaíocht is feiliúnaí a roghnú don staidéar atá beartaithe agat.

Is féidir go gcuirfear agallamh ar iarratasóirí a bhfuil tacaíocht acu ó bhall foirne. Sa chás go n-éiríonn leat san agallamh, iarrfar ort iarratas foirmeálta a chur chuig DCU trí mheán an Postgraduate Applications Centre. Tabhair faoi deara nach bpléifear le hiarratais a chuirtear ar aghaidh chuig an Ionad Iarratas Iarchéime mura bhfuil tacaíocht na dáimhe cuí acu roimh ré. 

+ Eolas Breise

+ Deiseanna Scoláireachta