HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header
Fiontar & Scoil na Gaeilge

Triúr Mac Léinn Fiontar a bronnadh scoláireachtaí acadúla orthu

Comhghairdeachas le triúr mac léinn de chuid Fiontar ar éirigh leo scoláireachtaí a bhaint amach ag Bronnadh na Scoláireachtaí Acadúla (Academic Scholarship Awards) a bhí ar siúl Dé Luain na seachtaine seo sa Helix, DCU. Bhain Cáit O'Callaghan atá ar an BA Gaeilge agus Iriseoireacht mar aon le Caoimhe Ní Fhearail atá ar an BA Gnó agus Gaeilge scoláireachtaí Fiontar toisc gurb iad a fuair na pointí is airde ina gcuid blianghrúpaí san Ardteistiméireacht. Comhghairdeas chomh maith le Ellen McConville atá ar an BA Gaeilge agus Iriseoireacht a bhain scoláireacht McAleese. Trí cinn de Scoláireachtaí McAleese a bhí ar fáil do mhic léinn arb as na Sé Chontae iad. Is as Contae an Dúin do Ellen. Dúirt Ceann Scoile Fiontar, an Dr Ciarán Mac Murchaidh, a bhronn Scoláireachtaí Fiontar ar na mic léinn ag an searmanas 'go léiríonn na scoláireachtaí seo go bhfuil cuid de na mic léinn is díograisí agus is cumasaí sa tír á mealladh chuig céimeanna in Fiontar DCU agus go bhfuil spéis níos fearr ná riamh ag mic léinn an lae inniu san oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.'