Call for Placement Tutors for Post-Primary Education
Glao ar Theagascóirí Socrúcháin don Iar-Bhunoideachas
Temporary Part-time Contracts for the 2024/2025 Academic Year
Established in 2016 as Ireland’s first university faculty of education, the DCU Institute of Education delivers programmes to students across all sectors including early childhood, primary and post-primary, and further and higher education. As a centre of expertise and excellence in policy, curriculum and pedagogy, assessment and teacher education, we provide a learning environment that is student-centred, research-driven and inclusive.
The Institute is currently seeking applications from experienced post-primary teaching professionals and third level education personnel who are interested in supporting students on placement in the school context and/or in an online context.
We are seeking tutors nationally for the following programmes:
- Bachelor of Religious Education and English
- Bachelor of Religious Education and History
- Bachelor of Religious Education and Music
- Bachelor of Education in Gaeilge and French or German or Spanish.
- Professional Master of Education
Applications from candidates with expertise in Gaeilge, French, German, Spanish, Business Studies, Music, History and Religious Education are particularly welcome.
We are seeking tutors in the greater Dublin/East Leinster area for:
- BSc in Physical Education with Biology
- BSc in Physical Education with Mathematics
- BSc in Science Education
Applications from candidates with expertise in Maths, Science, Physical Education and Biology are particularly welcome.
Overview of the Role
The placement tutor plays an important part in the development of our students as teachers. Working individually or as part of a team, the tutor is responsible for supporting, assessing and providing feedback to student teachers on placement. Tutors may apply to undertake visits to students in the school context and/or students working in an online environment during the next academic year.
Applicants will need to be available to conduct placement observations during school hours (for school contexts) and/or up to 6pm, Monday to Friday (for online placement contexts) over the duration of the contract.
Responsibilities include, but are not limited to:
- Assessing a student’s performance on placement, providing feedback to the student, submitting grade reports as per programme requirements, participating in student assessment meetings
- Engagement with placement induction/CPD sessions; familiarisation with placement policies and assessment procedures
- Use of range of university IT systems (training is provided)
- Liaising with the placement administration team on routine activities such as placement report submissions and logistical arrangements, expenses claims
A comprehensive briefing on programme-specific responsibilities will be provided in advance of a contract offer. Please note that it is a requirement for all DCU staff to undergo regular online cybersecurity training.
Person Specification
Applicants for the Placement tutor role should be able to demonstrate the following:
- A qualification, recognised by the Teaching Council of Ireland
- Excellent knowledge of the curriculum at post-primary level and in-depth knowledge in specified subject(s)
- A minimum of 7 years teaching and/or leadership experience in a post-primary school or third-level educational setting and a proven record in his/her subject area(s)
- An understanding of post-primary teacher education, particularly the school placement element, and competency in supporting, mentoring and evaluating teachers’ professional practice
- For those interested in supporting and evaluating the work of student teachers of Gaeilge or students completing their placement in Irish-medium schools, a high level of competency in Gaeilge is required
- It is desirable, but not essential, that candidates will also have a postgraduate qualification or higher in the field of education, other than their initial teaching qualification
How to Apply
Please complete the following application form: English version | Irish version
Subject to programme needs, applicants may be called for interview on a rolling basis between now and June 2024. Interviews are held as needed and your application may remain active for up to one year. Successful candidates can only be offered a contract after receiving Garda vetting by DCU.
In addition to payment, travel and subsistence (if applicable), DCU also offers its tutors attractive CPD programmes, library access and a number of free DCU Learning and Development courses, when places are available.
Conraí sealadacha páirt-aimseartha don bhliain acadúil 2024/2025
Bunaíodh Institiúid Oideachais DCU, an chéad dámh oideachais ollscoile in Éirinn, sa bhliain 2016. Cuireann an Institiúid raon leathan de chláir ar fáil thar rannóga éagsúla ina measc, an luathoideachas, an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile chomh maith leis an mbreisoideachas agus an t-ardoideachas. Is lárionad saineolais agus sárchaighdeáin í Institiúid Oideachais DCU sa pholasaí, sa churaclam agus oideolaíocht, sa mheasúnú agus san oideachas múinteoirí. Soláthraímid timpeallacht foghlama ionchuimsitheach atá mac-léinn lárnach agus tiomanta don taighde.
Faoi láthair, tá an Institiúid ag lorg iarratas ó theagascóirí a bhfuil taithí acu ar an teagasc iar-bhunleibhéil agus ó phearsanra oideachais tríú a bhfuil suim acu tacú le mic léinn atá i mbun socrúcháin scoile i gcomhthéacs láthair na scoile agus/nó i gcomhthéacs ar líne.
Táimid ag lorg teagascóirí ar bhun náisiúnta do na cláir seo a leanas:
- Baitsiléir san Oideachas Reiligúnach agus Béarla
- Baitsiléir san Oideachas Reiligúnach agus Stair
- Baitsiléir san Oideachas Reiligúnach agus Ceol
- Baitsiléir san Oideachas i nGaeilge agus Fraincis nó Gearmáinis nó Spáinnis
- An Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas
Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil saineolas acu ar Ghaeilge, ar Fhraincis, ar Ghearmáinis, ar Spáinnis, ar Staidéar Gnó, ar Cheol, ar Stair agus ar Oideachas Reiligiúnach.
Tá teagascóirí á lorg againn i mórcheantar Bhaile Átha Cliath/Cúige Laighean Thoir le haghaidh:
- BSc sa Chorpoideachas le Bitheolaíocht
- BSc sa Chorpoideachas le Matamaitic
- BSc san Oideachas Eolaíochta
Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil saineolas acu ar Mhatamaitic, ar Eolaíocht, ar Chorpoideachas agus ar Bhitheolaíocht.
Léargas ar an Ról
Tá ról tábhachtach ag an teagascóir socrúcháin scoile i bhforbairt na mac léinn mar mhúinteoirí. Bíonn an teagascóir socrúcháin scoile ag obair go haonarach nó mar bhall foirne agus freagrach as tacaíocht a thabhairt, measúnóireacht a dhéanamh agus aiseolas a sholáthar do mhic léinn agus iad i mbun an tsocrúcháin. Féadfaidh teagascóirí iarratas a dhéanamh chun cuairteanna a thabhairt ar mhic léinn i gcomhthéacs na scoile agus/nó ar mhic léinn atá ag obair i dtimpeallacht ar líne le linn na bliana acadúla seo chugainn.
Ní mór do theagascóirí a bheith ar fáil le tabhairt faoi chuairteanna socrúcháin le linn uaireanta scoile (do chomhthéacsanna scoile) agus/nó suas go dtí 6pm, Luan go hAoine (do chomhthéacsanna socrúcháin ar líne) le linn tréimhse an chonartha.
I measc na bhfreagrachtaí, tá:
- Measúnóireacht a dhéanamh ar obair mhic léinn i mbun socrúcháin, aiseolas a sholáthar don mhac léinn, tuairiscí gráid bunaithe ar chritéir an chláir a chur ar fáil, páirt a ghlacadh i gcruinnithe measúnóireachta an mhic léinn
- Rannpháirtíocht i seisiúin ionduchtaithe / Forbairt Ghairmiúil Leanúnach don socrúchán, cur amach ar pholasaithe socrúcháin agus nósanna imeachta bainteach leis an measúnóireacht
- Leas a bhaint as raon córas Teicneolaíocht Faisnéise na hollscoile (cuirfear oiliúint ar fáil)
- Teagmháil le foireann riaracháin an tsocrúcháin scoile faoi chleachtais mar éilimh ar chostais, tuairiscí socrúcháin agus socruithe lóistíochtúla bainteach leis an socrúchán scoile
Tabharfaidh an stiúrthóir socrúcháin léargas cuimsitheach ar na freagrachtaí a bhaineann go sonrach leis na cláir éagsúla sula dtairgítear conradh. Tabhair faoi deara go bhfuil sé riachtanach go dtugann gach ball foirne OCBÁC faoi oiliúint cibearshlándála rialta ar líne.
Sonraíocht shainiúil an iarratasóra
Ní mór go mbeadh ar chumas iarratasóirí don ról mar Theagascóir don Socrúchán Scoile na critéir seo a leanas a shásamh:
- Cáilíocht atá aitheanta ag an gComhairle Mhúintoireachta
- Sáreolas ar an gcuraclam ag an iar-bhunleibheál agus eolas cuimsitheach ar ábhair shonraithe
- Taithí seacht bliana ar a laghad den teagasc / ceannaireacht in iar-bhunscoil nó timpeallacht tríú leibhéil agus caighdeán léirithe i réimsí na n-ábhar luaite
- Tuiscint ar an oideachas múinteoirí ag an iar-bhunleibhéal, go háirithe an socrúchán scoile agus cumas sa tacaíocht, sa mheantóireacht agus sa mheasúnóireacht ar chleachtas gairmiúil an mhúinteora
- Tá ardchaighdeán Gaeilge ag teastáil ó na daoine sin a bhfuil suim acu obair mhúinteoirí na Gaeilge faoi oiliúint nó mic léinn a bhfuil a socrúchán oibre á chur i gcrích acu i nGaelscoileanna a thacú agus a mheas.
- Tá sé inmhianaithe, ach níl sé riachtanach, go mbeidh cáilíocht iarchéime nó níos airde san oideachas acu, seachas a gcáilíocht múinteoireachta
Iarratas a dhéanamh
Comhlánaigh an fhoirm iarratais, le do thoil. Gaeilge | Bearla
Faoi réir riachtanais an chláir, féadfar iarratasóirí a ghlaoch chun agallaimh. Faoi réir riachtanas cláir, d’fhéadfadh sé go nglaofar ar iarratasóirí ar bhonn atrátha idir an t-am i láthair agus mí Meithimh 2024. Cuirtear agallaimh i gcrích de réir mar is gá agus d’fhéadfadh sé go mbeadh d’iarratas gníomhach suas le bliain amháin.
Bronnfar conradh ar iarratasóirí rathúla ach Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána DCU a bheith bronnta orthu ar dtús.
I dtaca le híocaocht, taisteal agus cothabháil, tairgeann DCU raon cláir FGL do theagascóirí chomh maith le rochtain leabharlainne agus saorchead cláraithe ar chúrsaí áirithe Foghlaim agus Fobairt DCU ach spás ar na cúrsaí sin a bheith ar fáil.