FN345 Taithi Ghaeltachta - Ceisteanna Coitianta

FN345 Taithí Ghaeltachta - Ceisteanna Coitianta

Léigh é seo go cúramach sula ndéanann tú cinneadh faoin modúl seo.

Is féidir le mic léinn an Dara Bliain BA clárú don mhodúl “FN345 Taithí Ghaeltachta” anois.

Is modúl breise é an modúl seo.

Ní gá duit tabhairt faoin modúl seo le céim sa Ghaeilge a bhaint amach in DCU.

Má chláraíonn tú don mhodúl seo agus má éiríonn leat ann, beidh an marc a fhaigheann tú le feiceáil ar do thras-scríbhinn, thíos ag bun na cáipéise. Ní bheidh an marc san áireamh i do mharc don chéim in aon bhealach.

Más mian leat a bheith i do mhúinteoir meánscoile Gaeilge, beidh ort tabhairt faoin modúl seo am éigin, le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Mura ndéanann tú anois é, is féidir leat teacht ar ais i gceann cúpla bliain, clárú dó, táillí a íoc, agus tabhairt faoi.

Is é an bhunaidhm atá leis an modúl seo ná deis a thabhairt don mhac léinn tréimhse ama suas le dhá mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht leis an riachtanas atá ag An Chomhairle Mhúinteoireachta a chomhlíonadh. Cuirfidh an mac léinn na scileanna teanga atá cuimsithe aige go dtí seo i bhfeidhm sa Ghaeltacht le barrfeabhas a chur ar a líofacht sa teanga.

 

 Ceisteanna Coitianta

  An gcaithfidh mé an modúl seo a dhéanamh le céim sa Ghaeilge a fháil?

Ní chaithfidh. Is modúl breise é an modúl seo.  

  An féidir liom an modúl seo a roghnú in áit modúil éigin eile ar an gcúrsa?

Ní féidir. Is modúl breise é seo. Níl sé ar an liosta de mhodúil roghnacha.  

 Cé mhéid ama a chaithfidh mé a chaitheamh i mo chónaí sa Ghaeltacht?

Caithfidh tú ar a laghad dhá mhí (9 seachtaine) a chaitheamh i do chónaí sa Ghaeltacht. 

 Cén uair a chaithfidh mé an tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht? 

Caithfidh tú an t-am a chaitheamh sa Ghaeltacht am éigin idir mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair, idir deireadh scrúduithe bhliain a dó agus tús bhliain a trí. 

 Teastaíonn uaim dul ar INTRA / Erasmus mar chuid de mo chéim. An mbaineann sé seo le hINTRA?

Níl aon bhaint ag an modúl seo le hINTRA / Erasmus. Ní bheidh tú in ann tosú ar INTRA / Erasmus go dtí go mbeidh an dá mhí caite agat sa Ghaeltacht. 

 An féidir liom an dá mhí a roinnt thar an samhradh? Teastaíonn uaim coicís a chaitheamh sa Ghréig.

 Is féidir leat an dá mhí a roinnt amach in dhá thréimhse sa samhradh céanna. 

 Chaith mé trí seachtaine i gColáiste Samhraidh an bhliain seo caite. An féidir liom é sin a chur san áireamh sa dá mhí?

Ní féidir.  

 Cad a dhéanfaidh mé le linn dom a bheith sa Ghaeltacht?

Beidh ort jab a fháil duit féin le go mbeidh tú in ann aithne a chur ar phobal na Gaeltachta agus Gaeilge a labhairt go laethúil. 

 Cén fáth go ndeir an Chomhairle Mhúinteoireachta go gcaithfidh múinteoir Gaeilge am a chaitheamh sa Ghaeltacht?

Teastaíonn ón gComhairle Mhúinteoireachta go mbeadh múinteoirí atá líofa, agus cruinn sa Ghaeilge, agus atá ar a gcompord ag labhairt go nádúrtha, agus a thuigeann saol na Gaeltachta ag múineadh Gaeilge mhaith do mhic léinn meánleibhéil. Bíonn ar mhúinteoirí bunscoile seal a chaitheamh sa Ghaeltacht freisin. Bíonn ar mhúinteoirí Gearmáinise agus teangacha iasachta eile an tréimhse chéanna a chaitheamh i dtír ina labhraítear na teangacha sin. Tá na rialacha do na teangacha ar fad a mhúintear ag an dara leibhéal mar an gcéanna. 

 Cén saghas jab a d’fhéadfainn a fháil sa Ghaeltacht?

An príomhrud ná go mbeifeá in ann Gaeilge a labhairt gach lá le daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu. Ní leor a bheith ag obair i siopa do thurasóirí mura bhfuil tusa in ann do chuid Gaeilge a fheabhsú. D’fhéadfá dul ag obair le Coláiste Samhraidh mar chinnire nó i ról éigin eile. Ba cheart duit machnamh a dhéanamh ar na scileanna atá agat (ceol, spórt, céad cabhair, seoltóireacht, drámaíocht, peil, snámh, dearadh suímh gréasáin, cúram leanaí &rl) agus post a lorg áit ina mbeadh na scileanna sin úsáideach don fhostóir. D’fhéadfá obair dheonach a dhéanamh mar chúntóir scoile nó in eagraíocht dheonach.  

 Cá mbeidh mé i mo chónaí agus mé sa Ghaeltacht?

Beidh ort lóistín a lorg duit féin. Beidh d’fhostóir in ann cabhair éigin a thabhairt duit. 

 Má tá mé ag obair le daoine óga, an mbeidh orm Imréiteach Gharda Síochána a fháil?

 Is dócha go mbeidh; agus beidh d’fhostóir in ann cabhrú leat leis sin. 

 Cathain a bheidh orm jab a lorg?

 Beidh ort cuntas beatha a ullmhú i seimeastar a haon agus tosú ar jab a lorg a luaithe ina dhiaidh sin agus is féidir leat. Tógann sé tamall jab a fháil. 

 Má athraím m’intinn an féidir liom an modúl a fhágáil?

Beidh tú in ann díchlárú ón modúl faoi rialacha na hollscoile. Tá breis eolais faoi dhíchlárú ar fáil ón gClárlann, faoin mír dar teideal Registration FAQs. Tabhair faoi deara go mb’fhéidir go mbeadh ort pionós airgid a íoc. 

 Má athraím m’intinn an féidir liom clárú don mhodúl níos déanaí sa seimeastar?

Beidh tú in ann clárú don mhodúl faoi rialacha na hollscoile don chlárú déanach. Tá breis eolais faoi sin ar fáil ón gClárlann, faoin mír dar teideal Registration FAQs. Tabhair faoi deara go mb’fhéidir go mbeadh ort pionós airgid a íoc. 

 An féidir le DCU jab a fháil dom?

 Ní féidir. Is fútsa atá sé jab a fháil. Cabhróidh Fiontar agus Scoil na Gaeilge leat ach is fútsa atá sé jab a fháil. 

 Mura bhfaighim jab, an féidir liom an modúl a dhéanamh?

Beidh ort an dá mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht agus an bealach is fearr le haithne a chur ar dhaoine agus le Gaeilge a chleachtadh ná jab a bheith agat. D’fhéadfá jab deonach a fháil. Príomhaidhm an mhodúil ná feabhas a chur ar do Ghaeilge labhartha agus scríofa, agus aithne a chur ar an nGaeltacht. 

 Cén Ghaeltacht a gcaithfidh mé a roghnú?

Déan do mhachnamh mar gheall ar an gcanúint is fearr leat agus dírigh ar an gceantar sin. Caithfidh tú an tréimhse a chaitheamh i nGaeltacht láidir, ceantar ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga pobail ag mórchuid den phobal. Mar shampla, tá an Ghaeilge i bhfad níos láidre i Ros Muc ná mar atá i mBearna, cé go bhfuil an dá cheantar sa Ghaeltacht. Beidh an léachtóir in ann comhairle a chur ort. 

 Ní theastaíonn uaim a bheith i mo mhúinteoir. An féidir liom clárú don mhodúl?

Tá an modúl ar fáil do gach mac léinn atá i mbliain a dó de chéim BA sa Ghaeilge in DCU. Ní gá duit a bheith ag díriú ar mhúinteoireacht mar ghairm. Go deimhin cabhróidh an modúl le gach mac léinn atá ag iarraidh feabhas a chur ar a c(h)uid Gaeilge. Beidh lánfháilte romhat! 

 An mbeidh orm aon obair bhreise a dhéanamh don ollscoil a fhaid is atá mé obair sa Ghaeltacht?

Beidh ort cúpla tasc scríofa a chur i gcrích. De ghnáth bíonn dhá phíosa oibre le déanamh - blag ina ndéanann tú machnamh mar gheall ar chúrsaí Gaeltachta agus mar gheall ort féin mar fhoghlaimeoir teanga, agus fillteán foghlama bunaithe ar chlár raidió nó teilifíse agus bunaithe ar leabhar. 

 Tá ceist eile agam.

Déan teagmháil le hoifig Fiontar agus Scoil na Gaeilge.