Fáilte chuig Fiontar & Scoil na Gaeilge
Welcome!

Fáilte romhat!

Scoil ildisciplíneach is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge atá aitheanta go hidirnáisiúnta ar chaighdeán na gclár a sholáthraítear inti agus ar nuálacht an teagaisc, an taighde agus an tsaothair atá ar bun ag an bhfoireann acadúil agus ag foireann na dtionscadal digiteach. Tá céimeanna na Scoile, ag leibhéal na bunchéime agus na hiarchéime, deartha i dtreo is go dtreiseofar scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe, agus le go gcuirfear lena bhforás leanúnach acadúil agus lena gcáilíochtaí gairmiúla.

Cén fáth Fiontar & Scoil na Gaeilge?

Tá na cláir mhealltacha seo a leanas ar fáil sa Scoil:

Fochéim:
BA Gnó agus Gaeilge (DC118)

Is féidir le mic léinn ar spéis leo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag leibhéal na bunchéime an t-ábhar a roghnú mar chuid de na cláir acadúla eile seo a leanas freisin, atá á dtairiscint mar chuid de raon clár Dhámh na nDaonnachtaí & na nEolaíochtaí Sóisialta:

Iarchéimeanna:
MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach (DC627)

MA i Léann na Gaeilge (DC686 Lánaimseartha & DC687 Páirtaimseartha)

    Fearann foireann na Scoile fáilte chroíúil roimh mhic léinn a bhfuil suim acu i gceann ar bith de na roghanna atá luaite ar an suíomh seo.