DCU Voices Magazine Cormac Ó hEadhra
Cormac Ó hEadhra Copyright RTÉ 2022.
Photo: Marc O’ Sullivan

Cormac Ó hEadhra

BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht & Fiontraíocht le Fraincís & Gearmáinis 2002

Craoltóir le RTÉ Raidió 1

Is craoltóir é Cormac Ó hEadhra le RTÉ Raidió 1. Láithríonn sé an clár laethúil cúrsaí reatha ‘Drivetime’ ag plé scéalta móra polaitiúla, gnó, soisialta agus cultúrtha an lae. Láithrigh sé mór-chuid craolachán tábhachtach d’RTÉ ar nós díospóireachtaí toghchán uachtaránachta agus olltoghcháin; reifrinn srl. Tá mór-phearsaí polaitiúla – Éirinn agus thar lear - curtha faoi agallamh aige, ina measc príomh-airí, taidhleoirí, lucht gnó agus gníomhaithe sóisialta.

Rinne sé an BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht & Fiontraíocht le Fraincís le Fiontar in Ollscoil Chathair Átha Cliath ó 1998-2002. Cháiligh sé mar abhcóide i 2007. D’oibrigh sé le mion-chomhlachtaí agus le comhlacht airgeadais sula ndeachaigh sé ag obair leis an gcraoltóir náisiúnta i 2003. D’oibrigh sé i bPáras na Fraince ar feadh seal. Chaith sé tréimhsí ag léachtóireacht faoina meáin i DCU agus sa DIT. I dteannta na Gaeilge agus an Bhéarla labhraíonn sé Fraincís agus tá an-spéis aige i bhféiniúlacht agus san éagsúlcht cultúrtha i sochaí na hÉireann agus thar lear agus an phlé thart timpeall ar chuid de na ceisteanna sin.

Fiontar agus Scoil na Gaeilge

Is Scoil chomhaimseartha idirdhisciplíneach í Fiontar agus Scoil na Gaeilge ina leagtar béim ar leith ar chláir theagaisc nuálaíocha trí mheán na Gaeilge, chomh maith le hacmhainní iontaofa nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú agus a chlaochlú.

 

Trí Ghaeilge amháin a dhéantar teagasc ar iliomad clár, a phléann le sainréimsí lena n-áirítear an Fhiontraíocht, an Gnó, an tOideachas, agus na Meáin. Is iomaí gné de léann na Gaeilge a ndéantar taighde uirthi sa Scoil, idir stair na teanga, amhránaíocht, filíocht, litríocht, téarmeolaíocht agus an teangeolaíocht. Déantar taighde chomh maith ar an Matamaitic, Airgeadas agus Eacnamaíocht, Gnó, Fiontraíocht, agus Bainistíocht.

 

Tá oidhreacht shaibhir agus traidisiún láidir againn i litríocht na Gaeilge. Tá dlúthbhaint ag na scríbhneoirí Énrí Ó Muirgheasa, Seosamh Mac Grianna, Máirtín Ó Cadhain, Tadhg Mac Dhonnagáin, Alan Titley, agus Máirín Nic Eoin leis an Scoil. Tá foireann na Scoile ag leanúint leis an traidisiún seo, ag cumadh, ag scríobh agus ag déanamh taighde ar litríocht na Gaeilge, agus tacaíonn an Scoil go láidir le Scríbhneoir Cónaithe na hOllscoile.

 

Forbraíonn grúpa taighde Gaois acmhainní nuálaíocha ag baint úsáide as teicneolaíocht nua-aimseartha chun tuiscint a leathnú ar an teanga féin agus ar shaíocht na Gaeilge trí chéile. Tá áiseanna ar leith cruthaithe againn ar nuathéarmaíocht na Gaeilge (tearma.ie), ar shonraí logainmneacha a riar is a roinnt (logainm.ie), ar chnuasach beathaisnéisí (ainm.ie), agus Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann (duchas.ie). Tá an chuid is úrscothaí den teicneolaíocht á forbairt againn chun daonnachtaí digiteacha na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn.

 

Tá béim ar leith inár gcláir nuálaíocha ar an bhfiontraíocht agus ar an gcruthaitheacht. Spreagtar na mic léinn chun a gcuid inniúlachtaí agus cumas a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus tá rian thallann na mac léinn le feiceáil thar na blianta in iliomad réimsí san Ollscoil. Is iomaí gnólacht agus eagraíocht a tháinig díreach amach as an Scoil, idir Zamano agus Rag.ie, idir ElevEase agus Thriftify.ie. Lean an ghníomhaíocht nuálaíoch cheannródaíoch seo tar éis dár gcuid mac léinn an Ollscoil a fhágáil, le heagraíochtaí agus gnólachtaí úra, nuálaíocha bunaithe acu in iliomad réimsí.

 

Is ceannródaithe iad ár gcéimithe i saol na Gaeilge, iad ag bunú eagraíochtaí nua agus ag forbairt a gcuid idéanna úra nuálaíocha, agus á gcur i bhfeidhm, chun an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo, bhríomhar i saol an lae inniu. Tá ár gcéimithe mar cheannródaithe sa saol gnó chomh maith, agus tá gnólachtaí iontacha rathúla bunaithe acu le blianta beaga anuas.

 

Tá ár gcuid céimithe ina gceannairí agus ina mbainisteoirí in eagraíochtaí in Éirinn agus fud fad na cruinne. Oibríonn ár gcuid céimithe in iliomad earnálacha lena n-áirítear: an t-oideachas, an gnó, an t-airgeadas, an tsláinte, an turasóireacht, an dlí, na meáin, an stáit seirbhís, Coimisiún na hEorpa, agus an earnáil dheonach. Táimid ana-bhródúil as ár gcuid mac léinn agus ár gcéimithe, atá dul chun cinn iontach ceannródaíoch á dhéanamh agus déanta acu i gcur chun cinn na Gaeilge i mórán réimsí ar fud aan domhain. Táimid ag súil le bhur saothar a cheiliúradh libh in 2023.