Múscail grá don teanga i bpáistí óga le scéalta spreagúla - Awaken a love of Irish in young children with exciting stories

Muireann Ní Chíobháin
Cliceáil ar na pictiúir thíos chun cuntas gearr a léamh faoi na leabhair agus tar go Leabharlann Uí Chriagáin chun iad a fháil ar iasacht.
Tá siad ar taispeáint ar bhunurlár Leabharlann Uí Chriagáin faoi láthair le tuilleadh leabhar Gaeilge den scoth do pháistí.
Click on the pictures below to read a short description of the books and visit Cregan Library to borrow the titles.
They're currently on display on the ground floor of Cregan Library along with more brilliant Irish books for children.

Gealach agus Grian le Muireann Ní Chíobháin (údar) agus Brian Fitzgerald (maisitheoir)
Ar roinn tú seomra riamh le deartháir nó deirfiúr óg? Bhuel seo an leabhar duitse. Bíonn ár spás féin uainn ar fad, uaireanta.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
If you ever shared a room with a little brother or sister, this is the book for you. We all need our own space, sometimes.

Ná Dúisigh an Páiste le Patricia Forde (údar) agus Steve Simpson (maisitheoir)
Má tá leanbh óg i do theach agus is maith leat eachtraithe draíochta lán le spraoi, seo scéal duitse.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
If you live with a young baby and you like fun-filled magical adventures, this is the story for you.

An Garbhán le Julia Donaldson (údar), Axel Scheffler (maisitheoir), Gabriel Rosenstock (aistritheoir)
An bhfuil an leabhar cáiliúil seo faoi luch beag cliste léite arís agus arís eile agat as Béarla? Tapaigh an deis léamh nua a dhéanamh ar an scéal, as Gaeilge.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Have you read this famous book about a clever mouse again and again in English? Why not take the opportunity to read it in a new way, as Gaeilge?
Check title availability in Cregan Library

Croí an Teaghlaigh an Grá le Sophie Beer (údar), aistrithe ag Shanna Ní Rabhartaigh agus Gillian Nic Ionmhain
Tá an grá sna rudaí beaga agus móra a dhéanann muid do na daoine go bhfuil grá againn dóibh. Seo scéal deas chun an grá, cineáltas agus meas a phlé le páistí óga.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Love is in the small things and big things we do for those we love. This is a nice story to discuss love, kindness and respect with young children.

Percy Péacog le Gemma Breathnach (údar) agus Tarsila Krüse (maisitheoir)
Níl éinne eile cosúil le Percy Péacóg, agus níl éinne eile cosúil leatsa. Nach iontach an rud é sin? Leabhar deas faoi féiniúlacht.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Nobody is quite like Percy Peacock, and nobody is like you either. Isn’t that wonderful? A nice book about individuality.

Cinnín Óir agus na Trí Bhéar le Áine Ní Ghlinn (údar) agus Laura Jane Phelan (maisitheoir)
Rithim, rím álainn agus athrá simplí taitneamhach do pháistí sa scéal faoi bhéiríní nach bhfuil sásta le cuairteoir tí. Léigh seo le chéile arís agus arís eile go dtí go bhfuil an páiste in ann an scéal a léamh duit, as Gaeilge.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Lovely rhythm, rhyme and repetition for children to join in with and enjoy in this retelling of the classic story about three bears who are displeased with a houseguest. Read together again and again until your child is able to read the story for you, as Gaeilge.

Geansaí Otto Le Sadhbh Devlin (údar) agus Róisín Hahessy (maisitheoir)
Níl Otto ró-shásta nuair a thagann geansaí eile óna Mhamó, ach an bhfuil cumhacht speisialta ag na geansaithe, atá déanta le grá? Scéal deas faoi bronntanais.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Otto isn’t thrilled when another jumper arrives from his Grandma, but do these jumpers made with love have a special power? A nice story about gifts.

Uinseann Donn le Tadhg Mac Dhonnagáin (údar) agus Írisz Agócs (maisitheoir)
Bíonn cantal orainn ar fad uaireannta, ach céard atá ag cur as d’Uinseann Donn. An bhfuil cara ag teastáil?
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
We can all feel cranky sometimes, but what is bothering Uinseann Donn? Does he need a friend?

Scúnc agus Smúirín le Muireann Ní Chíobháin (údar) agus Paddy Donnelly (maisitheoir)
An raibh teidí nó pluid speisialta agat riamh? Bhuel seo an scéal duitse.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Have you ever had a special teddy or blanket? Then this is the story for you.

Pop! le Caitríona Nic Sheáin (údar) agus Andrew Whitson (maisitheoir)
Eachtra spraoiúil, samhlaíoch, craiceáilte faoi bhlastaghuma a chogaint!
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
A fun, imaginative, crazy adventure story about chewing gum!
Check title availability in Cregan Library

Eoinín ag dul a Chodladh le Muireann Ní Chíobháin (údar) agus Róisín Hahessy (maisitheoir)
Cabhraigh le hEoinín dul a chodladh agus b’fhéidir go dtitifidh do chodladh ortsa freisin! Tús maith iad na leabhair Eoinín do theaghlaigh atá ag iarraidh tús a chur le léamh Gaeilge le páistí óga.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Help Eoinín fall asleep and maybe you’ll fall asleep too! Eoinín books are a great series to start with if your family is beginning to read as Gaeilge to little ones.

Cá bhfuil Bran le Eric Hill
Tús maith iad na leabhair Bran do theaghlaigh atá ag iarraidh tús a chur le léamh Gaeilge.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
The Bran books are a good place to start for families who'd like to begin reading in Irish.

Mise agus an Dragún le Patricia Forde (údar) agus Steve Simpson (maisitheoir)
Dragún, eachtra agus teidí beag cróga, céard eile a bheadh uait i scéal?
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
A dragon, an adventure and a brave little teddy, what else could you want for in a story?
Check title availability in Cregan Library

An Féileacán agus an Rí le Máire Zepf (údar) agus Shona Shirley MacDonald (maisitheoir)
Scéal álainn le pictiúir draochtúil gur feidir léamh mar theaghlach.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
A beautiful story with magical illustrations that you can read as a family.

Binjí Madra ar Strae le Patricia Forde (údar) Brian Fitzgerald (maisitheoir)
Tá Binji ar strae sa bhaile mór, ach an féidir leis muinín a bheith aige as cat chun treoireacha a thabhairt dó?
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
Binji is lost in the city, but can he trust a cat to give him directions?

Cáca don Rí le Ailbhe Nic Giolla Bhrighde (údar) agus Steve Simpson (maisitheoir)
Scéal faoi chairdeas agus cabhair a lorg ó do chairde.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
A story about friendship and asking for help from friends.

Rita agus an Dragún le Máire Zepf (údar) agus Andrew Whitson (maisitheoir)
Má tá tú i do rógaire, agus má tá tú cróga ar nós Ríta, beidh tú réidh d’eachtra faoi dhragún.
Seiceáil an bhfuil an teideal ar fáil i Leabharlann Uí Chriagáin
If you have a roguish streak, and you are brave like Ríta, you’ll be ready for this adventure about a dragon.
Check title availability in Cregan Library